(le Róislín)
Bhí mé réidh le níos mó a scríobh faoi na trídhathaigh a bhfuil ceithre dhath orthu, ach tháinig mé ar bheagán eolais faoin scáilbhaile, Bratach Mheiriceá, in Arizona agus shíl mé go mbeadh sé suimiúil blaigín a scríobh faoi. Ciallaíonn ainm an bhaile “American Flag.” Go teoiriciúil, d’fhéadfadh duine “Tá mé i mo chónaí i mBratach Mheiriceá” a rá, ach … (agus is mór an “ach” é)!
(Achoimre: So there’s this place in Arizona called “American Flag” …)
Leis an fhírinne a dhéanamh, ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid sin d’áit ann go dtí go raibh mé ar lorg tuilleadh eolais faoi Bhratach Mheiriceá agus tháinig mé air seo.
(… which I hadn’t heard of until now)
Bhunaigh Isaac Lorraine an baile sna 1870í. Ba shirtheoir as Martinique é. Thug sé an t-ainm “American Flag Mine” ar an mianach a d’oscail sé ansin. Agus as sin a tháinig ainm an bhaile. Ní raibh sé riamh mór – b’fhéidir daichead duine nuair a bhí an mianach i mbarr a réime. Ach bhí oifig phoist ann agus mar sin, ba bhaile é.
(The name came from the American Flag Mine and at its peak, the town had about 40 residents. Having a post office gave it official status)
Is scáilbhaile anois é. Sa bhliain 1884 ní raibh ach cúig dhuine dhéag fágtha sa “bhaile.” Dúnadh oifig an phoist sa bhaile seo ar an 16ú lá de mhí Iúil i 1890 agus d’imigh na daoine a bhí fágtha ina dhiaidh sin.
(It’s been a ghost town since the 1890s)
Tá oifig phoist Bhratach Mheiriceá ina seasamh fós agus tá sí ar an National Register of Historic Places. Níl a fhios agam an bhfuil Bratach Mheiriceá ar foluain taobh amuigh den oifig phoist sin. Níl a fhios agam cén rialacha a bhaineann le taispeáint bratacha taobh amuigh d’oifigí poist atá buandúnta nó atá buandúnta ach ina láthair stairiúil. Agus ar ndóigh ní raibh Arizona ina stát go dtí 1912. Ba chríoch é agus ba oifigí poist críochacha a bhí san áit roimhe sin.
(The historic post office still stands but I don’t know if it has a flag)
Duine ar bith ar an liosta seo atá ina chónaí sa chuid sin d’Arizona a mbeadh tuilleadh eolais aige nó aici faoin scáilbhaile? Nó faoi oifig phoist Bhratach Mheiriceá? Fáilte roimh nótaí tráchta!
(Anyone local to the area know anything more about it?)
Anois go bhfuil a fhios againn nach bhfuil duine ar bith ina chónaí ann anois, ba chóir ceist mar “Cé a bhíodh ina chónaí i mBratach Mheiriceá, Arizona? “ a rá (san Aimsir Ghnáthchaite).
(So I really should have put my initial question in the past habitual mood, that is, using “bhíodh” or “mbíodh, depending on the specific question)
Mh’anam nach mbíonn cuid de na logainmneacha suimiúil! An féidir leat Béarla a chur ar na logainmneacha seo a leanas? Ar ndóigh, is i mBéarla atá siad go hoifigiúil, mar atá “American Flag, AZ.” Tá sé seo le haghaidh cleachtaidh le stór focal i nGaeilge! Tá na háiteanna seo go léir i Meiriceá Thuaidh.
(Unusual place names all over North America, and now you get to practice and test your eolas tíreolaíochta and your stór focal Gaeilge)
1) Fírinne nó Iarmhairtí
Leid: stát: Nua-Mheicsiceo; iarainm na cathrach seo: Foinsí Uisce Teo
2) Éan i Lámh (nó b’fhéidir: Éan i nGlac)
Leid: stát: Pennsylvania. Nóta tráchta: i gceantar na nAmanach
3) Mala Mhoncaí
Leid: stát: Kentucky. Nóta tráchta: Mh’anam! Níor smaoinigh mé mórán faoi mhalaí moncaithe roimhe seo!
4) Ordóg Thiar
Leid: stát: Wyoming. Nóta tráchta: Is dócha go bhfuil “Ordóg Thoir” sa treo eile. Hmmm, b’fhéidir nach dócha!
Agus ceann suimiúil i gCeanada:
5) Hata Leighis
Leid: cúige: Alberta; ainm áitiúil: “An Hata”
And of course, there are plenty of logainmneacha suimiúla i nGaeilge that we can talk about in future blogs. Just following up on the theme of Lá na Saoirse i Meiriceá (An 4ú Lá de mhí Iúil), of which Bratach Mheiriceá is key part. So, with the upcoming blog log loaded, sgf ó Róislín
Gluais: Amanach, Amish; ar foluain, flying, fluttering; bratach, flag; buan, permanent; críoch, territory; críochach, territorial; logainm, place name; scáilbhaile, ghost town (note: not based on “taibhse,” a ghost, but on “scáil,” which primarily means “shade,” “shadow,” “darkness,” but which can also mean “ghost,” especially in the sense of a reflection or image); sirtheoir, prospector; stór focal, vocabulary; tíreolaíocht, geography; trídhathach, tricolo(u)r; tuilleadh, more;
Freagraí: 1, Truth or Consequences, NM; 2) Bird-in-Hand, PA; 3) Monkey’s Eyebrow, KY; 4) West Thumb, WV; 5) Medicine Hat, Alberta
